Deotranaimí 33 ABN

Beannacht Mhaois

1 Seo í an bheannacht lenar bheannaigh Maois, giolla Dé, clann Iosrael roimh bhás dó.

2 Dúirt sé:Tháinig an Tiarna ó Shíonái,agus d'éirigh chucu thar íor na spéire ó Shaeír.Dealraigh sé ó Shliabh Phárán;tháinig sé ag triall orthu tar éis an tionóil i gCáidéis,ó uachtar neimhe go himeall na gcnoc.

3 Tusa a ghráigh na haithreacha,is i do láimh atá na naoimh go léir.Thiteadar ag do chosa,agus chuadar ar aghaidh go mear faoi do threoir.

4 (Leag Maois dlí orainn.)Tá comhthionól Iacóib ag dul i seilbh a oidhreachta.

5 Bhí rí in Isiriún,nuair a thionóil ceannairí an phobail,agus go raibh treibheanna uile Iacóib le chéile.

6 Go maire Reúbaen agus nár fhaighe bás,go maire chomh maith a bheagán slua.

7 Dúirt sé mar leanas faoi Iúdá:Éist, a Thiarna, le glor Iúdá,agus beir ar ais chun a mhuintire é,go gcosnaí a lámha a chearta,agus go dtaga i gcabhair air in aghaidh a naimhde.

8 Dúirt sé faoi Léiví:Tabhair do Léiví do Úirím,agus do Thuimím don té dá dtug tú gean,tar éis duit é a phromhadh ag Masá,agus bheith ag spairn leis ag Miríbeá,

9 Dúirt sé faoina athair agus faoina mháthair:“Ní fhaca mé iad.”Ní aithnid dó a bhráithre,ná níl aithne aige ar a chlann.Sea, chomhlíonadar do bhriathar,agus choimeádadar do chonradh go daingean.

10 Déanann siad do reachtanna a theagasc do Iacób,agus do dhlí do Iosrael.Seolann siad túis i do láthair,agus leagann siad an íobairt uileloiscthe ar d'altóir.

11 A Thiarna, beannaigh a mhaoinagus glac le saothar a lámh.Basc leasracha a naimhdeagus a eascairde, ionas nach n‑éireoidh siad arís.

12 Dúirt sé faoi Bhiniáimin:An té is ionúin leis an Tiarna,tá cónaí air gan bhaol ina fharraid.Cumhdaíonn an Té is Airde é ó lá go láagus lonnaíonn sé ar leicne a shléibhte.

13 Dúirt sé faoi Iósaef:Go mbeannaí an Tiarna a fhearann,le togha dhrúcht neimhe,agus le togha an duibheagáin atá ag cúbadh thíos,

14 le togha thorthaí na gréine,agus fhómhar trom gach míosa,

15 le togha thoradh na gcnoc ársa,agus le flúirse ó na sléibhte ciana,

16 le togha thoradh na talún agus a bhfuil ann,le gean an té a lonnaigh sa Tor.Go bhfása an ghruaig go tiubh ar mhullach cheann Iósaef,an té a coisriceadh i measc a bhráithre.

17 Céadghin an tairbh, is leis an ghlóir.Adharca daimh allta a adharcaagus leosan sánn sé na pobail go léirgo himill an domhain.Is mar sin leis na mílte ar mhílte d'Eafráim,is mar sin le mílte Mhanaise.

18 Dúirt sé faoi Zabúlun:Bíodh lúcháir ort, a Zabúlun, ag taisteal duit i gcéin,agus ortsa, a Íosácár, i do bhothanna.

19 Déanann siad íobairtí conáigh,ar an sliabh ar a bhfuil triall na ndaoine ag guí;óir blaiseann siad saibhreas na mara,agus an mhaoin folaithe sa ghaineamh.

20 Dúirt sé faoi Ghád:Beannacht ar an té a fhágann a dhóthain slí ag Gád!Luíonn sé mar bhanleon;stoll sé géag, ceannaithe, agus baithis.

21 Thogh sé an chéad roinn dó féin,mar bhí mír cheannaire in áirithe ansiúd.Tháinig sé mar cheannaire ar an bpobal;aitheanta agus reachtanna córa an Tiarna,chuir sé i bhfeidhm ar Iosrael iad.

22 Dúirt sé faoi Dhán:Coileán leoin é Dán,ag lingeadh ó Bháiseán.

23 Dúirt sé faoi Naftáilí:A Naftáilí, ar do shástacht le fabhair,agus lán de bheannachtaí an Tiarna,bíodh an loch agus an deisceart i do sheilbh.

24 Dúirt sé faoi Áiséar:Go raibh beannacht thar na mic ar Áiséar;gurb é muirnín a bhráithre é,agus tumadh sé a chosa in ola!

25 Bíodh do bholtaí d'iarann agus de phrásagus do neart comhfhad le do ré.

26 Níl aon neach mar Dhia, Isiriún;tagann sé i gcabhair ort ar mhuin na spéartha;agus ar mhuin na néalta ina mhórgacht.

27 Sé Dia síoraí do thearmann.Anseo thíos sé an lámh shíoraí éag tiomáint an namhad romhat;eisean a deir: “Scrios iad.”

28 Uime sin lonnaíonn Iosrael i síocháin;toghtar tobar Iacóibmar thír arbhair agus fíona;sileann neamh féin an drúcht anuas

29 Nach méanar duit, a Iosrael!Cé tá mar thú, pobal a d'fhuascail an Tiarna,an té is sciath do dhídine,agus claíomh do bhua.Tiocfaidh do naimhde ag lútáil ort,ach siúlfaidh tusa ar a ndroim.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34