Deotranaimí 27 ABN

An Dlí á Scríobh

1 Thug Maois agus seanóirí Iosrael ordú don phobal: “Coimeádaigí na haitheanta uile a ordaím duit inniu.

2 An uair a théann sibh thar Iordáin isteach sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit, cuir líoga móra ina seasamh agus cuir brat aoil orthu;

3 agus scríobh orthu focail uile an dlí seo a luaithe a rachaidh tú sall ar do shlí isteach sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda faoi mar a gheall an Tiarna, Dia d'aithreacha, duit.

4 Nuair a rachaidh sibh thar Iordáin, ní foláir daoibh na líoga seo a chur suas ar Shliabh Éabál mar a ordaím daoibh inniu, agus brat aoil a chur orthu.

5 Déan altóir san áit sin don Tiarna do Dhia de chlocha nár luigh aon uirlis iarainn orthu.

6 Tóg an altóir don Tiarna do Dhia as clocha gan cóiriú, agus ofráil íobairtí uileloiscthe uirthi don Tiarna do Dhia.

7 Ofráil íobairtí comaoineach agus ith iad ansiúd agus bíodh lúcháir ort i láthair an Tiarna do Dhia.

8 Scríobh briathra uile an dlí seo ar na clocha go soiléir sofheicthe.”

9 Ansin dúirt Maois agus na sagairt Léivíteacha le hIosrael go léir: “Tabhair cluas, a Iosrael, agus éist. Inniu rinneadh pobal don Tiarna do Dhia díot.

10 Géill dá bhrí sin do ghlór an Tiarna do Dhia, agus coimeád a aitheanta agus a reachtanna a ordaím duit inniu.”

11 Agus thug Maois ordú don phobal an lá céanna á rá:

12 “Nuair a rachaidh sibh thar Iordáin anonn seasaidís seo ar Shliabh Girizím chun an pobal a bheannú: Símeon, Léiví, Iúdá, Íosácár, Iósaef, agus Biniáimin.

13 Agus seasaidís seo ar Shliabh Éabál don mhallacht: Reúbaen, Gád, Áiséar, Zabúlun, Dán, agus Naftáilí.

14 Labhraíodh na Léivítigh ansin agus fógraídís in ard a gcinn do na hIosraelaigh:

15 ‘Go raibh mallacht ar an bhfear a dhéanfaidh dealbh shnoite nó leáite - rud is gráin leis an Tiarna - obair lámha ceardaí, agus a chuirfidh suas i bhfolach í.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

16 ‘Go raibh mallacht ar an té a thugann tarcaisne dá athair nó dá mháthair.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

17 ‘Go raibh mallacht ar an té a chorraíonn marc teorann a chomharsan.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

18 ‘Go raibh mallacht ar an té a chuireann an dall ar seachrán slí.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

19 ‘Go raibh mallacht ar an té a dhéanann cantáil ar chearta an deoraí, an dílleachta, agus na baintrí.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

20 ‘Go raibh mallacht ar an té a luíonn le bean a athar, agus a bhaineann beann bhrat a athar anuas di.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

21 ‘Mallacht ar an té a luíonn le haon sórt ainmhí.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

22 ‘Mallacht ar an té a luíonn lena dheirfiúr, iníon a athar nó iníon a mháthar.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

23 ‘Mallacht ar an té a luíonn le máthair a chéile.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

24 ‘Mallacht ar an té a bhuaileann a chomharsa faoi choim.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

25 ‘Mallacht ar an té a thógann breab chun neamhchiontach a bhású.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

26 ‘Mallacht ar an té nach ndaingníonn briathra an dlí trína gcomhlíonadh.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34