Deotranaimí 19 ABN

Dlí an Díoltais

Marú

1 “Nuair a dhíothóidh an Tiarna do Dhia na ciníocha a dtugann an Tiarna do Dhia a bhfearann duit, agus go gcuirfidh tú as seilbh iad, agus dul chun cónaí ina gcathracha agus ina dtithe,

2 cuir trí chathair ar leith duit féin sa tír a thugann an Tiarna do Dhia duit le sealbhú.

3 Bíodh na bealaí chucu i ndea-ghléas agat agus roinn ina thrí coda achar na gcríoch a thugann an Tiarna do Dhia i do sheilbh duit sa chaoi a bhféadfaidh marfóir ar bith teitheadh chucu.

4 Seo mar is féidir do dhuine a anam a bhreith leis ach teitheadh iontu: Má mharaíonn duine a chomharsa trí thaisme, agus gan é in earraid leis roimhe sin -

5 téann duine, abair, isteach sa choill lena chomharsa ag gearradh adhmaid; tugann sé faoi chrann leis an tua ina láimh; sleamhnaíonn an ceann den tsáfach agus buaileann sé a chomharsa agus maraíonn sé é - is féidir dó teitheadh go dtí ceann de na cathracha sin agus teacht slán.

6 Ní ceadmhach d'fhear an éiric fola dul sa tóir ar an marfóir le barr feirge, agus teacht suas leis toisc fad an bhóthair agus goin mharfach a chur ann; óir níor thuill an duine sin bás ós rud é nach raibh sé in earraid lena chomharsa roimhe sin.

7 Seo é m'ordú duit dá bhrí sin: Cuir trí chathair ar leithrigh,

8 agus má chuireann an Tiarna do Dhia breis le do chríocha, faoi mar a mhionnaigh sé do d'aithreacha, agus go dtugann sé duit an tír go léir a gheall sé a thabhairt do d'aithreacha -

9 ar choinníoll go gcoimeádfaidh tú na haitheanta go léir a ordaím duit inniu le barr cáiréise, ag tabhairt grá don Tiarna do Dhia, agus ag leanúint de shíor ar a bhealaí - ansin cuir trí chathair eile leis na trí cinn sin.

10 Ar an gcaoi sin ní dhoirtfear fuil an neamhchiontaigh sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit mar oidhreacht; d'fhágfadh a mhalairt ciontach i ndoirteadh fola thú.

11 “Ach má bhíonn duine i bhfíoch lena chomharsa agus go dtéann in eadarnaí faoina chionn agus go n‑ionsaíonn é agus go ngoineann go marfach agus go bhfaigheann seisean bás, agus ansin go dteithfeadh sé féin i gceann de na bailte sin,

12 cuireadh seanóirí a chathrach féin fios ar an té sin agus beiridís leo é, agus tugaidís ar láimh fhear éiric na fola é le cur chun báis.

13 Ná bíodh trua ná taise agat dó; déan peaca doirteadh fola an neamhchiontaigh a dhíbirt as Iosrael agus ansin beidh an rath ort.

14 “Ná cur isteach ar mharc teorann do chomharsan a shocraigh an mhuintir fadó, san oidhreacht a ghlacfaidh tú sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt i do sheilbh.

Finnéithe

15 “Ní leor aon fhinné amháin chun duine a dhaoradh i bpeaca nó i gcoir d'aon sórt a rinne sé; cibé coir a bhíonn i gceist is gá fianaise bheirt fhinné nó triúr chun aon chúis a dhearbhú.

16 Má thagann finné bréige i láthair le fianaise in aghaidh duine ag cur ceannairce ina leith,

17 ansin, an dá thaobh san aighneas seo i láthair an Tiarna, téidís faoi bhráid na sagart agus na mbreithiúna a bhíonn in oifig ag an am.

18 Déanadh na breithiúna fiosrú go mion, agus más amhlaidh gur finné bréige an finné agus gur thug sé fianaise bhréige in aghaidh a bhráthar,

19 ní foláir duit an íde a b'áil leis a thabhairt ar a bhráthair a thabhairt air féin. Díbir an choir seo ó bhur measc.

20 Cluinfidh daoine eile ina thaobh seo agus beidh eagla orthu agus ní dhéanfaidh siad peaca den sórt sin go brách arís in bhur measc.

21 Ná bíodh trua ná taise agat, ach bíodh anam ar anam, súil ar shúil, fiacail ar fhiacail, lámh ar láimh, cos ar chois.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34