10 Rathaigh an Tiarna bhur nDia sibh i dtreo gur geall le réaltaí neimhe le háireamh sibh.
11 Agus tá an Tiarna Dia bhur sinsear chun sibh a rathú faoi mhíle sa bhreis agus a bheannacht a chur oraibh mar a gheall sé daoibh.
12 Conas a d'fhéadfainn, liom féin amháin, sibhse agus bhur n‑imris a iompar mar ualach?
13 Tugaigí chugam saoithe, lucht gaoise agus taithí, as gach treibh ar leith, agus déanfaidh mé ceannairí oraibh díobh.’
14 D'fhreagair sibh mé: ‘Is maith an beart atá á mholadh agat dúinn.’
15 Roghnaigh mé ar an gcuma sin daoibh ceannairí treibheanna, lucht tuisceana agus taithí, agus chuir mé i gceannas oraibh iad - ceannairí mílte, ceannairí céadta, ceannairí caogad, agus ceannairí deichniúr, agus scríobhaithe do bhur dtreibheanna.
16 Leag mé cúram ar bhur mbreithiúna an uair sin: ‘Éistigí leis na caingne idir bhur mbráithre agus tugaigí breith chóir idir duine agus a bhráthair nó an coimhthíoch a chónaíonn fairis.