15 Roghnaigh mé ar an gcuma sin daoibh ceannairí treibheanna, lucht tuisceana agus taithí, agus chuir mé i gceannas oraibh iad - ceannairí mílte, ceannairí céadta, ceannairí caogad, agus ceannairí deichniúr, agus scríobhaithe do bhur dtreibheanna.
16 Leag mé cúram ar bhur mbreithiúna an uair sin: ‘Éistigí leis na caingne idir bhur mbráithre agus tugaigí breith chóir idir duine agus a bhráthair nó an coimhthíoch a chónaíonn fairis.
17 Ná déanaigí leathchuma i mbreithiúnas agus tugaigí cluas don bheag ar aon dul leis an mór; ná bíodh eagla oraibh roimh aon duine, mar is le Dia an bhreith. An chúis a bheidh ródheacair daoibh, tugaigí chugamsa í le héisteacht.”
18 Thug mé treoracha daoibh an uair úd do gach a mbeadh le déanamh agaibh.
19 “D'fhágamar Horaeb agus shroicheamar an fásach mór uafar a chonaic sibh. Ar aghaidh linn go harda na nAmórach mar a d'aithin an Tiarna dúinn, agus bhaineamar amach Cáidéis Bairnéa.
20 Ansin is ea a dúirt mé libh: ‘Tá sibh tagtha chun arda na nAmórach a thug an Tiarna ár nDia dúinn.
21 Sin é an tír seo tugtha ar láimh daoibh ag an Tiarna bhur nDia; isteach libh, gabhaigí seilbh air mar a d'aithin an Tiarna Dia bhur n‑aithreacha daoibh; ná bíodh eagla oraibh ná easpa misnigh.’