3 Ba ar an daicheadú lá, ar an gcéad lá den aonú mí dhéag, a labhair Maois le clann Iosrael de réir gach treoir a fuair sé dóibh ón Tiarna.
4 Bhí an lámh uachtair faighte aige ar Shíochon rí na nAmórach a chónaigh i Heisbeon, agus ar Óg rí Bháiseán a chónaigh in Aisteárot agus in Eidreí.
5 Ansiúd i dtír Mhóáb, lastall den Iordáin, chuir Maois chun an dlí seo a mhíniú. Dúirt sé:
6 “Dúirt an Tiarna ár nDia linn ag Horaeb: ‘Tá moill bhur ndóthain déanta agaibh ar an sliabh seo.
7 Ar aghaidh libh ón áit seo, cuirigí chun bealaigh, agus imigí libh go harda na nAmórach, go dtí an mhuintir a chuireann fúthu san Arabá, sna hardáin agus sna hísleáin, sa Neigib agus san fheorainn; isteach libh i dtír Chanán agus sa Liobáin, chomh fada leis an Abhainn Mhór, an Eofrataes.
8 Sin é an tír a fhágaim fúibh; téigí isteach agus gabhaigí seilbh ar an tír a mhionnaigh an Tiarna a thabharfadh sé do bhur n‑aithreacha, d'Abrahám, d'Iosác agus do Iacób agus dá sliocht dá n‑éis.’
9 “Ansin is ea a dúirt mé: ‘Téann díom sibh a iompar liom féin.