30 Beidh an Tiarna bhur nDia ag gabháil romhaibh amach agus é féin ag troid ar bhur son, faoi mar a rinne ar bhur son san Éigipt os comhair bhur súl.
31 Fuair tú radharc air leis san fhásach; conas mar a d'iompair an Tiarna Dia thú, faoi mar a dhéanfadh athair a mhac, an bealach go léir a ghabh sibh go dtí gur bhain sibh amach an áit seo.”
32 Ach dá ainneoin sin uile níl creideamh agaibh sa Tiarna, bhur nDia,
33 an té sin a ghabh romhaibh ar an tslí le háit champála a fháil daoibh, agus é sa tine san oíche ag soilsiú an chosáin daoibh, agus sa néal sa lá.
34 “Chuala an Tiarna bhur gcuid cainte, agus mhionnaigh sé le fearg:
35 ‘Ní fheicfidh fiú duine de na daoine seo, den ghlúin chlaon seo, an tír shaibhir a mhionnaigh mé a thabharfainn do bhur n‑aithreacha,
36 seachas Cálaeb mac Iafuna. Feicfidh seisean é. Dósan agus dá shliocht, tabharfaidh mé an talamh ar ar leag sé cos, óir lean sé an Tiarna go beacht!’