32 Ach dá ainneoin sin uile níl creideamh agaibh sa Tiarna, bhur nDia,
33 an té sin a ghabh romhaibh ar an tslí le háit champála a fháil daoibh, agus é sa tine san oíche ag soilsiú an chosáin daoibh, agus sa néal sa lá.
34 “Chuala an Tiarna bhur gcuid cainte, agus mhionnaigh sé le fearg:
35 ‘Ní fheicfidh fiú duine de na daoine seo, den ghlúin chlaon seo, an tír shaibhir a mhionnaigh mé a thabharfainn do bhur n‑aithreacha,
36 seachas Cálaeb mac Iafuna. Feicfidh seisean é. Dósan agus dá shliocht, tabharfaidh mé an talamh ar ar leag sé cos, óir lean sé an Tiarna go beacht!’
37 Bhí an Tiarna i bhfearg liomsa leis de bhur mbarrsa, agus dúirt: ‘Ní rachaidh tusa ansiúd isteach ach chomh beag.
38 Iósua mac Nún, do shearbhónta, is ea a rachaidh isteach; tabhair misneach dó óir is é a chuirfidh Iosrael i seilbh na tíre.