36 seachas Cálaeb mac Iafuna. Feicfidh seisean é. Dósan agus dá shliocht, tabharfaidh mé an talamh ar ar leag sé cos, óir lean sé an Tiarna go beacht!’
37 Bhí an Tiarna i bhfearg liomsa leis de bhur mbarrsa, agus dúirt: ‘Ní rachaidh tusa ansiúd isteach ach chomh beag.
38 Iósua mac Nún, do shearbhónta, is ea a rachaidh isteach; tabhair misneach dó óir is é a chuirfidh Iosrael i seilbh na tíre.
39 Bhur miondaoine leis, iad siúd a dúirt sibh a ghabhfaí mar chreach, agus nach bhfuil fios na maitheasa agus an oilc fós acu, rachaidh siadsan ansiúd isteach; tabharfaidh mé dóibh é agus beidh sé ina seilbh acu.
40 Ach maidir libhse, iompaígí agus siar libh faoin bhfásach i dtreo Mhara Súf.’
41 “Ansin d'fhreagair sibh mé: ‘Pheacaíomar in aghaidh an Tiarna ár nDia. Rachaimid suas agus troidfimid mar a d'ordaigh an Tiarna ár nDia dúinn.’ Ghabh gach duine agaibh a arm catha chuige agus in airde faoi na harda libh le flosc.
42 Ach dúirt an Tiarna liom: ‘Abair leo: Ná téigí suas ag troid - nílimse faraibh - le heagla go mbeadh an bua ag bhur naimhde oraibh.’