37 Bhí an Tiarna i bhfearg liomsa leis de bhur mbarrsa, agus dúirt: ‘Ní rachaidh tusa ansiúd isteach ach chomh beag.
38 Iósua mac Nún, do shearbhónta, is ea a rachaidh isteach; tabhair misneach dó óir is é a chuirfidh Iosrael i seilbh na tíre.
39 Bhur miondaoine leis, iad siúd a dúirt sibh a ghabhfaí mar chreach, agus nach bhfuil fios na maitheasa agus an oilc fós acu, rachaidh siadsan ansiúd isteach; tabharfaidh mé dóibh é agus beidh sé ina seilbh acu.
40 Ach maidir libhse, iompaígí agus siar libh faoin bhfásach i dtreo Mhara Súf.’
41 “Ansin d'fhreagair sibh mé: ‘Pheacaíomar in aghaidh an Tiarna ár nDia. Rachaimid suas agus troidfimid mar a d'ordaigh an Tiarna ár nDia dúinn.’ Ghabh gach duine agaibh a arm catha chuige agus in airde faoi na harda libh le flosc.
42 Ach dúirt an Tiarna liom: ‘Abair leo: Ná téigí suas ag troid - nílimse faraibh - le heagla go mbeadh an bua ag bhur naimhde oraibh.’
43 Dúirt mé sin libh, ach ní éisteodh sibh liom, ach ceannairc á dhéanamh in aghaidh ordú an Tiarna, agus dul suas faoi na harda le barr dánaíochta.