1 “San am sin dúirt an Tiarna liom: ‘Snoigh dhá chlár chloiche mar na chéad chinn agus tar aníos ar an sliabh chugam. Déan áirc adhmaid.
2 Déanfaidh mé na briathra a bhí ar na chéad chláir a bhris tú a inscríobh ar na cláir agus cuirfidh tusa san áirc iad.’
3 Rinne mé dá bhrí sin áirc den chrann sitím agus shnoigh mé dhá chlár chloiche mar na chéad chinn, agus ghabh mé suas faoin sliabh agus an dá chlár i mo láimh.
4 Ansin d'inscríobh sé ar an dá chlár, faoi mar a rinne a inscríobh an chéad uair, na Deich nAitheanta a labhair an Tiarna libh ar an sliabh ó chroí na tine lá an Tionóil. Ansin thug an Tiarna dom iad.