14 ‘Tabharfaidh mé fearthainn daoibh do bhur dtalamh go tráthúil, fearthainn luath agus fearthainn dhéanach, i dtreo go mbeidh fómhar arbhair, fíona, agus ola agat;
15 tabharfaidh mé féar ar do bhánta do do stoc, agus caithfidh tú bia agus beidh do sháith agat.’
16 Seachnaígí agus ná mealltar bhur gcroí agus na téadh sibh amú, ag seirbhís do dhéithe eile ná á n‑adhradh,
17 nó lasfaidh fearg an Tiarna in bhur n‑aghaidh, dúnfaidh sé na flaithis agus ní bheidh aon fhearthainn ann; ní thabharfaidh an talamh a thoradh agus díothófar sibh gan mhoill sa tír thorthúil atá á thabhairt ag an Tiarna daoibh.
18 “Taiscigí dá bhrí sin na focail seo liom in bhur gcroí agus in bhur n‑anam; greamaigí iad mar chomhartha ar bhur láimh, agus mar lann ar chlár bhur n‑éadain.
19 Déanaigí iad a theagasc do bhur gclann agus a aithris dóibh - i do shuí i do theach duit, nó ag siúl na slí, nó i do luí nó ag éirí duit.
20 Scríobh iad ar ursaineacha do thí agus ar do gheataí,