20 Scríobh iad ar ursaineacha do thí agus ar do gheataí,
21 i dtreo go mbeadh fad saoil agaibh féin is ag bhur gclann sa tír a mhionnaigh sé do bhur n‑aithreacha a thabharfadh sé dóibh fad tá speir os cionn talún.
22 Óir má dhéanann sibh na haitheanta go léir a ordaímse daoibh inniu a choimeád le barr cúraim, agus grá a thabhairt don Tiarna bhur nDia, siúl ina bhealaí, agus cloí leis,
23 ansin díbreoidh an Tiarna na ciníocha seo go léir amach romhaibh, agus cuirfidh sibh ciníocha is mó agus is cumhachtaí ná sibh as seilbh.
24 Aon áit ar a leagfaidh sibh bonn bhur gcoise, beidh sé in bhur seilbh; sínfidh bhur gcríocha ón bhfásach agus ón Liobáin, ón abhainn, ó abhainn an Eofrataes go dtí an Mhuir Thiar.
25 Ní fhéadfaidh duine ar bith seasamh in bhur n‑aghaidh; scaipfidh an Tiarna, bhur nDia, scéin agus eagla romhaibh ar an dúiche go léir ar a leagfaidh sibh cos, faoi mar a gheall sé daoibh.
26 Seo beannacht agus mallacht á cur agam romhaibh inniu: