9 agus saol fada a bheith agaibh sa tír a mhionnaigh an Tiarna do bhur n‑aithreacha a thabharfadh sé dóibhsean agus dá sliocht, tír ina mbeadh bainne agus mil ina slaoda.
10 An fearann a bhfuil tú le dul isteach ann lena shealbhú, ní ionann é agus tír na hÉigipte óna dtáinig sibh, mar ar chuir tú do shíol agus a rinne tú é a uisciú le do chois dála garraí luibheanna.
11 An tír a bhfuil bhur dtriall anonn ann, le seilbh a ghabháil air, is tír cnoc agus gleannta é, agus uisce ó neamh á uisciú.
12 Tugann an Tiarna do Dhia aire don tír seo; tá súile an Tiarna do Dhia air de shíor, ó cheann ceann na bliana.
13 Bígí cinnte de, má ghéilleann sibh go dílis do na haitheanta a ordaímse daoibh inniu agus go ngránn sibh an Tiarna, agus a sheirbhís a dhéanamh ó chroí go hiomlán, ó anam go hiomlán:
14 ‘Tabharfaidh mé fearthainn daoibh do bhur dtalamh go tráthúil, fearthainn luath agus fearthainn dhéanach, i dtreo go mbeidh fómhar arbhair, fíona, agus ola agat;
15 tabharfaidh mé féar ar do bhánta do do stoc, agus caithfidh tú bia agus beidh do sháith agat.’