1 “Seo iad na dlíthe agus na reachtanna nach foláir daoibh a choimeád agus a chomhlíonadh sa tír a thug an Tiarna Dia d'aithreacha duit le sealbhú, fad tá cónaí ort sa tír sin.
2 “Na háiteanna go léir ina ndearna na ciníocha a bheidh á gcur as seilbh agaibh seirbhís dá ndéithe, ar na sléibhte arda, ar na cnoic, agus faoi gach crann glas, ní foláir daoibh iad uile a scrios ó bhonn.
3 Déanaigí a n‑altóirí a scartáil, a ngalláin a smiotadh, a gcuaillí naofa a ghearradh anuas, agus íomhánna snoite a n‑íol a dhó, agus a n‑ainm a scrios ón áit sin.
4 Ní mar sin ámh atá le déanamh agaibh leis an Tiarna bhur nDia;
5 ach an áit a thoghfaidh an Tiarna bhur nDia as bhur dtreibheanna go léir chun a ainm a chur ann agus le lonnú ann, sin é bhur sprioc, agus téigí ansiúd.