12 Déanaigí lúcháir i láthair an Tiarna bhur nDia, sibh féin, agus bhur gclann mhac agus iníonacha, bhur searbhóntaí fear agus ban, agus an Léivíteach a chónaíonn in bhur mbailte ó tá sé gan chuid gan oidhreacht in bhur measc.
13 Seachain agus ná hofráil d'íobairtí uileloiscthe i ngach áit naofa ar a luífidh do shúil;
14 ná hofráil d'íobairtí uileloiscthe agus ná comhlíon a n‑ordaím duit ach amháin san áit a thoghfaidh an Tiarna i gceann de do threibheanna.
15 Ní miste duit áfach mar is mian leat, feoil a mharú agus a ithe in aon bhaile leat de réir mar a dheonaíonn an Tiarna do Dhia a bheannacht duit; ní cás do ghlan agus do neamhghlan í a ithe, amhail is ba ghasail nó fia í.
16 Ach ná hithigí an fhuil; doirt ar an talamh mar uisce í.
17 Deachú d'arbhair, ná do fhíona, ná d'ola, ná céadghin do thána ná do thréada, ná aon ofráil mhóide dá móidíonn tú, ná aon ofráil dheonach, ná aon ofráil a thoirbhríonn tú, ní ceadmhach duit iad a ithe i do bhailte.
18 Ní foláir duit iad a ithe os comhair an Tiarna do Dhia san áit a thoghfaidh an Tiarna do Dhia, tú féin agus do mhac agus d'iníon, do shearbhónta fir agus mná, agus an Léivíteach a chónaíonn i do bhailte; beidh lúcháir ort i láthair an Tiarna do Dhia de bharr gach ar thoirbhir do lámha.