19 Fad is beo duit i do thír, seachain agus ná déan faillí sa Léivíteach.
20 “Nuair a dhéanfaidh an Tiarna do Dhia do thailte a mhéadú mar a gheall sé duit, agus a déarfaidh tusa: ‘beidh greim feola agam,’ má bhíonn fonn feola ort, ní cás duit oiread feola agus is maith leat a ithe.
21 Má bhíonn an áit a thoghann an Tiarna do Dhia lena ainm a chur ann rófhada ó bhaile, is ceadmhach duit ainmhí den táin nó den tréad a thug an Tiarna duit a mharú mar a d'aithin mé duit; ní cás duit oiread agus is áil leat a ithe i do bhailte.
22 Ach ith é mar a dhéanfá gasail nó fia; ní cás do ghlan agus do neamhghlan é a ithe.
23 Déan deimhin de nach gcaithfidh tú an fhuil, óir an fhuil an t‑anam, agus ná caith an t‑anam leis an bhfeoil.
24 Ná caith í ach doirt ar an talamh í mar a dhoirtfeá uisce.
25 Ná caith í le go mbeadh séan ort féin agus ar do chlann mhac i do dhiaidh, mar go mbeidh an chóir deanta agat i láthair an Tiarna.