19 Gach míoltóg eiteallach, bídís neamhghlan agaibh; ná hithigí iad.
20 Is ceadmhach daoibh gach eiteallach glan a ithe.
21 “Ná hithigí aon ainmhí a fuair bás uaidh féin. Tabhair é mar bhia don deoraí atá ag cur faoi i do bhailte, nó díol é le coimhthíoch: óir is pobal naofa thú don Tiarna do Dhia. Ná bruith meannán i mbainne a mháthar.
22 “Gach bliain ní foláir duit deachú de thoradh do shíl sa talamh a bhreith leat,
23 agus i láthair an Tiarna do Dhia, san áit a thoghfaidh sé mar áitreabh dá ainm, ith deachú d'arbhair, do fhíona, d'ola, agus céadtorthaí do thána agus do thréada d'fhonn go bhfoghlaimeofá conas eagla an Tiarna do Dhia a bheith ort de shíor.
24 Má bhíonn an t‑aistear rófhada duit, agus mura féidir duit - nuair a bheannaíonn an Tiarna do Dhia thú - do dheachú a bhreith ann mar go bhfuil an áit a thoghann an Tiarna do Dhia mar áitreabh dá ainm, rófhada ó bhaile,
25 ansin malartaigh an deachú ar airgead, agus beir greim docht i do láimh ar an airgead agus téigh chun na háite a thogh an Tiarna do Dhia;