8 Mar an gcéanna leis an muc - fág go scoilteann sí an chrúb, ní chognaíonn sí an chíor; bíodh sí neamhghlan agaibh. Ná hithigí feoil a leithéidí sin agus ná bainigí lena gconablach.
9 Dá bhfuil beo san fharraige is ceadmhach daoibh iad seo a ithe: gach a bhfuil eití agus gainní acu, ithigí iad;
10 ach aon ní gan eití gan ghainní ní ceadmhach daoibh iad a ithe: bídís neamhghlan agaibh.
11 “Is ceadmhach daoibh gach éan glan a ithe,
12 ach seo iad na héin nach ceadmhach daoibh a ithe: an t‑iolar, an bhadhbh, an coirneach,
13 an t‑alpaire, gach sórt clamháin,
14 gach sórt féich,