10 Tabhair rud dó, agus nuair a dhéanann tú tabhair dó le barr croí mhóir, agus cuirfidh an Tiarna a bheannacht ort dá chionn sin i ngach gnó agus i ngach cúram a ghabhann tú idir lámha.
11 Ní bheidh, ar ndóigh, an tír choíche gan bhochtán; uime sin ordaím duit: Bí fial flaithiúil i gcónaí le do bhráthair, agus le haon duine i do thír atá ar an gcaolchuid nó dealbh.
12 “Má dhíoltar do chomhEabhrach leat, fear nó bean, déanadh sé seirbhís duit ar feadh sé bliana; an seachtú bliain, scaoil uait saor é.
13 Agus tú á scaoileadh saor ná lig uait beo bocht é.
14 Tabhair maoin dó ó do thréad, ó d'urlár buailte agus ó do chantaoir fíona; faoi mar a chuir an Tiarna do Dhia a bheannacht ortsa, déan-sa déirc air.
15 Cuimhnigh air go raibh tú féin i do dhaor i dtír na hÉigipte agus gur fhuascail an Tiarna do Dhia thú; uime sin a ordaím é seo duit inniu.
16 Ach má deir sé: ‘Níl aon fhonn orm imeacht uait’ toisc go bhfuil cion aige ort féin agus ar do theaghlach agus go bhfuil saol sona aige farat,