11 Ní bheidh, ar ndóigh, an tír choíche gan bhochtán; uime sin ordaím duit: Bí fial flaithiúil i gcónaí le do bhráthair, agus le haon duine i do thír atá ar an gcaolchuid nó dealbh.
12 “Má dhíoltar do chomhEabhrach leat, fear nó bean, déanadh sé seirbhís duit ar feadh sé bliana; an seachtú bliain, scaoil uait saor é.
13 Agus tú á scaoileadh saor ná lig uait beo bocht é.
14 Tabhair maoin dó ó do thréad, ó d'urlár buailte agus ó do chantaoir fíona; faoi mar a chuir an Tiarna do Dhia a bheannacht ortsa, déan-sa déirc air.
15 Cuimhnigh air go raibh tú féin i do dhaor i dtír na hÉigipte agus gur fhuascail an Tiarna do Dhia thú; uime sin a ordaím é seo duit inniu.
16 Ach má deir sé: ‘Níl aon fhonn orm imeacht uait’ toisc go bhfuil cion aige ort féin agus ar do theaghlach agus go bhfuil saol sona aige farat,
17 faighse meana agus cuir trína chluais é agus isteach sa chomhla, agus bíodh sé mar dhaor agat go brách. Déan mar an gcéanna le haon daoirseach leat.