13 “Déan féile na dTaibearnacal a cheiliúradh ar feadh seacht lá nuair a bhíonn an clabhsúr agat ar bhualadh an arbhair agus ar fháscadh an fhíona.
14 Déan lúcháir ar an bhféile seo, tú féin agus do mhac agus d'iníon, do shearbhóntaí fir agus mná, an Léivíteach, an deoraí, an dílleachta agus an bhaintreach a chónaíonn i do bhailte.
15 Déan an fhéile a cheiliúradh don Tiarna do Dhia ar feadh seacht lá san áit a thoghfaidh an Tiarna; óir cuirfidh an Tiarna do Dhia a bheannacht ort i do fhómhar go léir agus i saothar do lámh go léir, i dtreo go mbeidh tú lán d'áthas.
16 “Tagadh do chuid fear go léir trí huaire sa bhliain i láthair an Tiarna do Dhia san áit a thoghfaidh sé: ar fhéile an tSlimaráin, ar fhéile na Seachtainí, agus ar fhéile na dTaibearnacal. Ná tagaidís folamh i láthair an Tiarna,
17 ach tugadh gach fear uaidh de réir a chumais faoi mar a chuireann an Tiarna do Dhia a bheannacht ort.
18 “Ceap breithiúna agus feidhmeannaigh sna bailte go léir a bhronnann an Tiarna do Dhia ort do do threibheanna uile; tugaidís-sean a mbreith ar an bpobal de réir na ceartbhreithe.
19 Ná tabhair claonbhreith; ná déan leathchuma ar dhuine seachas duine eile; ná glac le breab, óir dallann breab súile an eagnaí agus milleann cás an fhíréin.