17 ach tugadh gach fear uaidh de réir a chumais faoi mar a chuireann an Tiarna do Dhia a bheannacht ort.
18 “Ceap breithiúna agus feidhmeannaigh sna bailte go léir a bhronnann an Tiarna do Dhia ort do do threibheanna uile; tugaidís-sean a mbreith ar an bpobal de réir na ceartbhreithe.
19 Ná tabhair claonbhreith; ná déan leathchuma ar dhuine seachas duine eile; ná glac le breab, óir dallann breab súile an eagnaí agus milleann cás an fhíréin.
20 Bíodh an chóir go beacht mar sprioc agat i dtreo go mairfidh tú agus go mbeidh seilbh oidhreachta agat ar an talamh atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit.
21 “Ná seas cuaille naofa d'aon sórt crainn láimh leis an altóir atá tú á thógáil don Tiarna;
22 agus ná cuir suas aon ghallán, rud is fuath leis an Tiarna do Dhia.