2 Déan cáisc a íobairt don Tiarna do Dhia as do tháin nó as do thréad san áit a thoghfaidh an Tiarna mar áitreabh dá ainm.
3 Ná hith aon arán gabháilte mar aon léi; ar feadh seacht lá ith slimarán léi, arán an chruatain, óir is le teann deabhaidh a tháinig tú amach as tír na hÉigipte; cuimhnigh dá bhrí sin, gach lá de do shaol, ar an lá a tháinig tú amach as tír na hÉigipte.
4 Ar feadh seacht lá dá bhrí sin ná bíodh aon ghabháile le feiceáil in aon teach ar fud do chríoch, agus aon fheoil a dhéanfaidh tú a íobairt tráthnona an chéad lae ná déantar í a choimeád thar oíche go maidin.
5 Ná hofráil íobairt na Cásca in aon bhaile dá dtugann an Tiarna do Dhia duit;
6 ach san áit a thoghfaidh an Tiarna do Dhia le bheith mar áitreabh ag a ainm is ea atá íobairt na Cásca le hofráil agat, um thráthnóna, le dul faoi na gréine, faoin am a tháinig tú amach as an Éigipt.
7 Déan í a bhruith agus a ithe san áit a thoghfaidh an Tiarna do Dhia; ar maidin fill ar ais agus téigh chun do bhothanna.
8 Ar feadh sé lá, ith arán slim agus ar an seachtú lá bíodh tionól clabhsúir don Tiarna do Dhia; ná déan aon sórt oibre an lá sin.