7 Déan í a bhruith agus a ithe san áit a thoghfaidh an Tiarna do Dhia; ar maidin fill ar ais agus téigh chun do bhothanna.
8 Ar feadh sé lá, ith arán slim agus ar an seachtú lá bíodh tionól clabhsúir don Tiarna do Dhia; ná déan aon sórt oibre an lá sin.
9 “Áirigh seacht seachtainí agus tosaigh ar na seacht seachtainí a chomhaireamh ón uair ina gcuireann tú do chorrán buana san arbhar sa ghort.
10 Ansin déan féile na Seachtainí a cheiliúradh don Tiarna do Dhia le hofráil dheonach a thoirbhirt ó do láimh de réir bheannacht an Tiarna ort.
11 Déan lúcháir i láthair an Tiarna do Dhia san áit a thoghfaidh an Tiarna do Dhia mar áitreabh dá ainm - tú féin agus do mhac agus d'iníon, do shearbhónta fir agus mná, agus an Léivíteach atá ag cur faoi i do bhailte, agus an deoraí, agus an dílleachta, agus an bhaintreach, a chónaíonn in bhur measc.
12 Cuimhnigh go raibh tú féin i do dhaor i dtír na hÉigipte agus coimeád na reachtanna seo le barr cúraim.
13 “Déan féile na dTaibearnacal a cheiliúradh ar feadh seacht lá nuair a bhíonn an clabhsúr agat ar bhualadh an arbhair agus ar fháscadh an fhíona.