17 Ná cruinníodh sé a lán ban dó féin, óir chuirfeadh sin a chroí amú; agus ná cruinníodh sé an iomad óir agus airgid dó féin.
18 Nuair a bheidh sé ina shuí sa chathaoir ríoga, déanadh sé cóip den dlí seo - as leabhar faoi chúram na sagart Léivíteach - a scríobh dó féin i leabhar;
19 bíodh sé láimh leis i gcónaí, agus léadh sé é gach lá dá shaol, d'fhonn go bhfoghlaimeodh sé eagla an Tiarna a Dhia ag coimeád briathra uile an dlí seo agus na reachtanna seo agus á gcomhlíonadh.
20 Ar an gcaoi sin ní bheidh éirí in airde air i leith a bhráithre agus ní chlaonfaidh sé ar dheis ná ar chlé ón aithne, i dtreo go mbeidh fad saoil ina fhlaitheas in Iosrael aige, é féin agus a chlann.