5 tabhair leat lasmuigh de gheataí do chathrach an fear nó an bhean sin a bhíonn ciontach sa drochbheart seo, agus ní foláir duit an fear nó an bhean sin a chur chun báis le clocha.
6 Ní ceadmhach duine a chur chun báis ach ar fhianaise bheirt nó triúr finné; ní ceadmhach duine a chur chun báis ar fhianaise aon fhinné amháin.
7 Lámh na bhfinnéithe is túisce a ardófar ina choinne á chur chun báis; ansin lámh an phobail uile. Díbir an t‑olc seo ó bhur lár ar an gcuma sin.
8 “Má thugtar cás faoi bhráid do bhreithiúnais i mbaile leat a bhíonn róchasta duit, cás faoi mharú, faoi chearta dlí, nó faoi ionsaí, ní foláir duit imeacht leat chun na háite a thoghfaidh an Tiarna do Dhia,
9 agus dul chun na sagart Léivíteach agus chun an bhreithimh a bhíonn in oifig; téigh i gcomhairle leo agus tabharfaidh siad a mbreith duit.
10 Ní foláir duit déanamh de réir na breithe a thabharfaidh siad duit san áit úd a thoghfaidh an Tiarna; déan go beacht de réir a dtreoracha go léir duit.
11 Cloígh leis na treoracha a thugann siad duit, agus déan de réir na breithe a thabharfaidh siad duit; ná claon ar dheis nó ar chlé ón mbreith a fhógróidh siad duit.