9 agus dul chun na sagart Léivíteach agus chun an bhreithimh a bhíonn in oifig; téigh i gcomhairle leo agus tabharfaidh siad a mbreith duit.
10 Ní foláir duit déanamh de réir na breithe a thabharfaidh siad duit san áit úd a thoghfaidh an Tiarna; déan go beacht de réir a dtreoracha go léir duit.
11 Cloígh leis na treoracha a thugann siad duit, agus déan de réir na breithe a thabharfaidh siad duit; ná claon ar dheis nó ar chlé ón mbreith a fhógróidh siad duit.
12 Má leomhaíonn aon duine gan aird a thabhairt ar an sagart atá ansiúd ag déanamh seirbhíse don Tiarna do Dhia, nó ar an mbreitheamh, ní foláir é a chur chun báis. Díbir an t‑olc seo ó Iosrael ar an gcuma sin.
13 Cluinfidh an pobal go léir ina thaobh seo agus beidh eagla orthu agus ní dhéanfaidh siad a leithéid de dhánaíocht arís.
14 “Nuair a théann tú isteach sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit, agus go ngabhann tú seilbh air agus cónaí ann, agus ansin go ndeir tú, ‘Ní mór dom rí a cheapadh os mo chionn dála na gciníocha i mo thimpeall,’
15 ní foláir duit rogha an Tiarna do Dhia de rí a cheapadh os do chionn; ní foláir duine ar do bhráithre a cheapadh os do chionn mar rí; eachtrannach nach bráthair leat ní ceadmhach duit a cheapadh os do chionn.