1 “Ní bheidh aon chuid ná oidhreacht le hIosrael ag na sagairt Léivíteacha, treibh Léiví, is é sin. Mairfidh siad ar na hofrálacha bia don Tiarna agus ar na nithe is dual dó.
2 Ní bheidh aon oidhreacht acu lena mbráithre; is é an Tiarna a n‑oidhreacht, faoi mar a gheall sé dóibh.
3 An méid seo leanas is dual do na sagairt ón muintir a ofrálann damh nó caora mar íobairt: an ghualainn, an dá phluc, agus an goile;
4 ní foláir duit mar an gcéanna céadtorthaí d'arbhair, do fhíona agus d'ola, agus céadlomra do chaorach a thabhairt dó.