11 ná orthaíoch, ná fear spioraid nó púcaí nó mairbh a agallamh.
12 Cibé a dhéanann na nithe sin, is gráin leis an Tiarna é, agus is de bharr na nósanna gráiniúla seo atá an Tiarna do Dhia ag tiomáint na gciníocha seo amach romhat.
13 Bíse dílis ar fad don Tiarna do Dhia.
14 Óir na ciníocha seo a bhfuil tú ar tí seilbh a fháil ar a gcríocha, tugann siad aird ar asarlaígh agus lucht fáistineoireachta; ach maidir leatsa, níor cheadaigh an Tiarna do Dhia duitse a leithéid sin a dhéanamh.
15 Ardóidh an Tiarna do Dhia suas fáidh mar mise duit ó do lár, ó do bhráithre; tugaigí aird airsean.
16 Sin é a d'iarr tú féin ar an Tiarna do Dhia ag Horaeb, lá an Tionóil. ‘Ná lig dom guth an Tiarna mo Dhia a chlos arís,’ arsa tú, ‘ná an tine mhór seo a fheiceáil a thuilleadh, le heagla go bhfaighinn bás.’
17 Dúirt an Tiarna liom: ‘Is maith mar a dúradar a bhfuil ráite acu.