17 Dúirt an Tiarna liom: ‘Is maith mar a dúradar a bhfuil ráite acu.
18 Ardóidh mé suas fáidh mar thusa dóibh, ó lár a mbráithre; cuirfidh mé mo bhriathra ina bhéal agus inseoidh sé dóibh gach a n‑ordaím dó.
19 An té nach dtabharfaidh aird ar na briathra a labhróidh sé i m'ainm, éileoidh mé díoltas air.
20 Ach an fáidh a leomhfaidh focal a labhairt i m'ainmse nár ordaigh mé dhó a labhairt, nó a labhróidh in ainm dé eile, gheobhaidh an fáidh sin bás.’
21 Agus má deir tú i do chroí: ‘Conas a aithneoimid an briathar nár labhair an Tiarna?’ -
22 nuair a labhraíonn fáidh in ainm an Tiarna, mura dtagann an rud i gcrích ná chun cinn, ansin ní briathar é a labhair an Tiarna; labhair an fáidh é sin le barr dánaíochta, ní gá duit eagla a bheith ort roimhe.