2 Ní bheidh aon oidhreacht acu lena mbráithre; is é an Tiarna a n‑oidhreacht, faoi mar a gheall sé dóibh.
3 An méid seo leanas is dual do na sagairt ón muintir a ofrálann damh nó caora mar íobairt: an ghualainn, an dá phluc, agus an goile;
4 ní foláir duit mar an gcéanna céadtorthaí d'arbhair, do fhíona agus d'ola, agus céadlomra do chaorach a thabhairt dó.
5 Óir thogh an Tiarna do Dhia é as do threibheanna go léir le seasamh i láthair an Tiarna do Dhia, chun cúraimí na seirbhíse diaga a dhéanamh, chun ainm an Tiarna a bheannú - sea eisean agus a chlann mhac ina dhiaidh go brách.
6 “Má thagann Léivíteach as aon cheann de do bhailte in Iosrael go léir mar a bhfuil cónaí air - agus ní cás dó teacht nuair is maith leis - chun na háite a thoghfaidh an Tiarna,
7 ní miste dó freastal ansiúd in ainm an Tiarna a Dhia, dála a chomh-Léivíteach a bhíonn ina seasamh ansiúd ag freastal i láthair an Tiarna.
8 Bíodh cuid chothrom leo aige le hithe, seachas a bhfaigheann sé de bharr a oidhreachta a dhíol.