8 Bíodh cuid chothrom leo aige le hithe, seachas a bhfaigheann sé de bharr a oidhreachta a dhíol.
9 “Nuair a thiocfaidh tú isteach sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit, ná téigh i dtaithí chleachtaí uafara na gciníocha úd.
10 Ná faightear choíche in bhur measc aon duine a sheolann a mhac nó a iníon tríd an tine, ná aon duine a chleachtann fáistine, ná astralaí, ná ágar, ná draíodóir,
11 ná orthaíoch, ná fear spioraid nó púcaí nó mairbh a agallamh.
12 Cibé a dhéanann na nithe sin, is gráin leis an Tiarna é, agus is de bharr na nósanna gráiniúla seo atá an Tiarna do Dhia ag tiomáint na gciníocha seo amach romhat.
13 Bíse dílis ar fad don Tiarna do Dhia.
14 Óir na ciníocha seo a bhfuil tú ar tí seilbh a fháil ar a gcríocha, tugann siad aird ar asarlaígh agus lucht fáistineoireachta; ach maidir leatsa, níor cheadaigh an Tiarna do Dhia duitse a leithéid sin a dhéanamh.