12 Bhí cónaí ar na Hóraigh leis i Saeír tráth, ach chuir clann Éasau as seilbh iad; dhíothaigh siad as a slí iad, agus lonnaíodar ina n‑áit, faoi mar a rinne Iosrael ina dtír féin, an oidhreacht a thug an Tiarna dóibh.)
13 ‘Ar aghaidh libh! Agus thar sileán Zeirid.’“Ghabhamar, dá bhrí sin, thar sileán Zeirid.
14 Anois mhair ár seachrán ó d'fhágamar Cáidéis Bairnéa go dtí gur ghabhamar thar sileán Zeirid ocht mbliana tríochad i dtreo go raibh an ghlúin d'fheara cogaidh go léir caillte ón gcampa mar a mhionnaigh an Tiarna dóibh.
15 Luigh lámh an Tiarna orthu lena scrios ón gcampa go dtí gur cailleadh iad go léir.
16 Nuair a bhí gach uile fhear cogaidh sciobtha ag an mbás ó lár an phobail,
17 dúirt an Tiarna liom:
18 ‘Inniu féin rachaidh tú thar teorainn Mhóáb ag Ár,