13 ‘Ar aghaidh libh! Agus thar sileán Zeirid.’“Ghabhamar, dá bhrí sin, thar sileán Zeirid.
14 Anois mhair ár seachrán ó d'fhágamar Cáidéis Bairnéa go dtí gur ghabhamar thar sileán Zeirid ocht mbliana tríochad i dtreo go raibh an ghlúin d'fheara cogaidh go léir caillte ón gcampa mar a mhionnaigh an Tiarna dóibh.
15 Luigh lámh an Tiarna orthu lena scrios ón gcampa go dtí gur cailleadh iad go léir.
16 Nuair a bhí gach uile fhear cogaidh sciobtha ag an mbás ó lár an phobail,
17 dúirt an Tiarna liom:
18 ‘Inniu féin rachaidh tú thar teorainn Mhóáb ag Ár,
19 agus déanamh ar theorainn chlann Amón. Ná déanaigí ionsaí orthu ná iad a ghriogadh; óir ní thabharfaidh mé aon phioc de thailte chlann Amón daoibh, mar thug mé é mar shealúchas do chlann Lót.’