21 cine mór líonmhar iad agus iad chomh hard leis na hAnácaím; ach dhíothaigh an Tiarna as a slí iad, agus chuir na hAmónaigh as seilbh iad agus lonnaíodar ina n‑áit,
22 faoi mar a rinne sé na Hóraigh a dhíothú as a slí roimh chlann Éasau a bhfuil cónaí orthu i Saeír, i dtreo gur chuireadar as seilbh iad agus gur chuireadar fúthu ina n‑áit agus go bhfuil siad ann go dtí an lá inniu.
23 Ba é an scéal céanna é leis na hÁivím a bhí ag cur fúthu i mbailte an tslí go léir go Gazá; tháinig na Caftoraím ó Chaftor, agus rinneadar iad a dhíothú agus cur fúthu ina n‑áit.)
24 ‘Scoirigí campa agus ar aghaidh libh, agus thar sileán Arnón libh. Seo é Síochon, an tAmórach, rí Heisbeon, agus a fhearann á chur agam faoi do láimh; crom ar sheilbh a ghabháil; cuir cath air!
25 Táim ag cromadh inniu féin ar scéin agus ar eagla romhat a chur ar an uile chine faoi stua neimhe; cách a chluinfidh torann do theachta tiocfaidh critheagla agus uafás orthu romhat.’
26 Chuir mé teachtairí dá bhrí sin ó fhásach Chadaemót go Síochon rí Heisbeon le teachtaireacht síochána á rá:
27 “Is áil liom dul trí d'fhearann. Ní dhéanfaidh mé ach gabháil feadh an bhealaigh, gan claonadh ar dheis ná ar chlé.