24 ‘Scoirigí campa agus ar aghaidh libh, agus thar sileán Arnón libh. Seo é Síochon, an tAmórach, rí Heisbeon, agus a fhearann á chur agam faoi do láimh; crom ar sheilbh a ghabháil; cuir cath air!
25 Táim ag cromadh inniu féin ar scéin agus ar eagla romhat a chur ar an uile chine faoi stua neimhe; cách a chluinfidh torann do theachta tiocfaidh critheagla agus uafás orthu romhat.’
26 Chuir mé teachtairí dá bhrí sin ó fhásach Chadaemót go Síochon rí Heisbeon le teachtaireacht síochána á rá:
27 “Is áil liom dul trí d'fhearann. Ní dhéanfaidh mé ach gabháil feadh an bhealaigh, gan claonadh ar dheis ná ar chlé.
28 Cibé bia a íosfaidh mé, díol liom ar airgead, agus íocfaidh mé as cibé uisce a olfaidh mé. Ná déan ach a cheadú dom gabháil ar aghaidh de chois,
29 faoi mar a rinne clann Éasau liom a bhfuil cónaí orthu i Saeír, agus na Móábaigh a bhfuil cónaí orthu in Ár, go dté mé thar an Iordáin go dtí an tír atá á thabhairt dúinn ag an Tiarna ár nDia.’
30 “Ach ní ligfeadh Síochon rí Heisbeon dúinn gabháil trína fhearann; d'fhág an Tiarna do Dhia a spiorad crua agus a chroí dána, d'fhonn é a fhágáil faoi do láimhse, rud atá fós inniu.