29 faoi mar a rinne clann Éasau liom a bhfuil cónaí orthu i Saeír, agus na Móábaigh a bhfuil cónaí orthu in Ár, go dté mé thar an Iordáin go dtí an tír atá á thabhairt dúinn ag an Tiarna ár nDia.’
30 “Ach ní ligfeadh Síochon rí Heisbeon dúinn gabháil trína fhearann; d'fhág an Tiarna do Dhia a spiorad crua agus a chroí dána, d'fhonn é a fhágáil faoi do láimhse, rud atá fós inniu.
31 Agus dúirt an Tiarna liom: ‘Seo mé ag cromadh ar Shíochon agus a fhearann á thabhairt agam faoi do réir. Cuir chun a ghabhála; gabh seilbh ar a fhearann.’
32 Ansin mháirseáil Síochon agus a mhuintir go léir amach inár n‑aghaidh chun catha a chur i Iáhaz.
33 Thug an Tiarna ár nDia ar láimh dúinn é; bhriseamar air féin ar a chlann mhac agus ar a mhuintir go léir.
34 Ansin ghabhamar a chathracha go léir agus chuireamar na cathracha go léir faoi bhang, mar aon lena bhfir, a mná agus a leanaí; ní dhearnamar anacal,
35 ach ar an stoc a thugamar linn mar chreach agus ar an mbraid ó na cathracha a ghabhamar.