34 Ansin ghabhamar a chathracha go léir agus chuireamar na cathracha go léir faoi bhang, mar aon lena bhfir, a mná agus a leanaí; ní dhearnamar anacal,
35 ach ar an stoc a thugamar linn mar chreach agus ar an mbraid ó na cathracha a ghabhamar.
36 Ó Aroéir ar imeall Ghleann Arnón, agus ón gcathair i dtóin an chumair, ar aghaidh go Gileád, ní raibh cathair thar ár gcumas; thug an Tiarna ár nDia iad go léir ar láimh dúinn.
37 Níor fhág sibh gan baint léi ach dúiche chlann Amón amháin, insí uile abhann Iaboc, is é sin, agus cathracha an ardáin, agus cibé áit a choisc an Tiarna ár nDia orainn.