9 Nuair a bhíonn deireadh ráite ag na scríobhaithe leis na daoine, ansin ceaptar ceannfoirt i gceannas ar an bpobal.
10 “Nuair a dhruidfidh tú i gcóngar cathrach chun í a ionsaí, déan coinníollacha a thairiscint di.
11 Má ghlacann sí le síocháin agus a geataí a oscailt romhat, ansin cuirtear iallach ar an muintir go léir inti saothar a dhéanamh duit agus fónamh duit.
12 Ach más amhlaidh, in áit síochána, go ndéanann sí cath a chur ort, ní foláir duit í a chur faoi léigear.
13 Nuair a thugann an Tiarna do Dhia ar do láimh duit í, ansin cuir gach fireannach inti chun báis le faobhar claímh.
14 Ach na mná, na leanaí, an stoc, a bhfuil de mhaoin sa chathair, agus a héadáil go léir, beir leat mar chreach iad; bain sásamh as éadáil do naimhde a thug an Tiarna do Dhia duit.
15 Sin í an íde a thabharfaidh tú ar na cathracha atá i bhfad uait, agus nach mbaineann leis na ciníocha is comharsana duit.