1 “Sa tír a thugann an Tiarna do Dhia duit le sealbhú, má fhaightear duine a básaíodh ina luí amuigh ar an mbán, agus nach eol cé mharaigh é,
2 tagadh bhur seanóirí agus bhur mbreithiúna agus déanaidís an fad slí idir corpán an duine bhásaithe agus na cathracha máguaird a thomhas.
3 Ansin faigheadh seanóirí na cathrach is gaire don mharbh bodóg nár cuireadh chun oibre agus nár tharraing an chuing riamh fós.
4 Beireadh seanóirí na cathrach an bhodóg leo chun bruacha srutháin nach dtéann i ndísc, i mball nár treabhadh agus nár síolchuireadh riamh, agus ansiúd sa ghleann brisidís muineál na bodóige.