11 agus go bhfeiceann tú bean sciamhach ar na cimí agus go mbíonn dúil agat inti, ní miste duit í a ghabháil chugat mar bhean
12 agus í a bhreith leat abhaile. Bearradh sí a ceann agus scumhadh sí a hingne
13 agus baineadh sí di a héide cime; fanadh sí laistigh de do theach ar feadh míosa agus caoineadh sí a hathair agus a máthair ar feadh míosa gan staonadh. Ní miste duit ansin dul chuici agus do chuid féin a dhéanamh di agus bíodh sí mar bhean agat.
14 Má tharlaíonn go n‑éiríonn tú tuirseach di, tabhair cead a cinn di, gan airgead a éileamh mar cheannach uirthi; ós rud é gur bhain tú feidhm aisti, níl cead agat brabach a dhéanamh uirthi.
15 “Má bhíonn beirt bhan ag duine, agus bean acu ina muirnín agus an bhean eile gan a bheith, agus go mbeireann an muirnín agus an bhean nach amhlaidh clann dó, agus gur leis an bhean nach muirnín an chéadghin mhic,
16 ansin nuair a thagann an lá inar cóir dó a chuid a roinnt mar oidhreacht ar a chlann mhac, ní cóir buntáiste na céadghine a thabhairt do mhac an mhuirnín thar mhac na mná nach muirnín ós é is céadghin ó cheart;
17 ach admhaíodh sé mar chéadghin mac na mná nach muirnín, agus tugadh sé dúbailt roinne dó dá bhfuil aige, óir is é céadtoradh a chumais é; is leis ceart na céadghine.