2 tagadh bhur seanóirí agus bhur mbreithiúna agus déanaidís an fad slí idir corpán an duine bhásaithe agus na cathracha máguaird a thomhas.
3 Ansin faigheadh seanóirí na cathrach is gaire don mharbh bodóg nár cuireadh chun oibre agus nár tharraing an chuing riamh fós.
4 Beireadh seanóirí na cathrach an bhodóg leo chun bruacha srutháin nach dtéann i ndísc, i mball nár treabhadh agus nár síolchuireadh riamh, agus ansiúd sa ghleann brisidís muineál na bodóige.
5 Agus tagadh clann mhac Léiví, na sagairt, i láthair mar thogh an Tiarna do Dhia iad le fónamh dó agus le beannú in ainm an Tiarna, agus is é a ngnó gach cás aighnis agus foiréigin a réiteach le breith a mbéil.
6 Ansin níodh seanóirí uile an bhaile is gaire don mharbhán a lámha sa sruthán os cionn na bodóige ar briseadh a muineál.
7 Agus abraidís na focail seo: ‘Níor dhoirt ár lámha an fhuil seo agus ní fhaca ár súile aon ní.
8 Leath brat do mhaithiúnais ar do phobal Iosrael a d'fhuascail tú a Thiarna, agus ná doirtear aon fhuil neamhchiontach i measc do phobail Iosrael.’ Ar an tslí sin beidh brat cosanta orthu ón bhfíoch fola.