5 Agus tagadh clann mhac Léiví, na sagairt, i láthair mar thogh an Tiarna do Dhia iad le fónamh dó agus le beannú in ainm an Tiarna, agus is é a ngnó gach cás aighnis agus foiréigin a réiteach le breith a mbéil.
6 Ansin níodh seanóirí uile an bhaile is gaire don mharbhán a lámha sa sruthán os cionn na bodóige ar briseadh a muineál.
7 Agus abraidís na focail seo: ‘Níor dhoirt ár lámha an fhuil seo agus ní fhaca ár súile aon ní.
8 Leath brat do mhaithiúnais ar do phobal Iosrael a d'fhuascail tú a Thiarna, agus ná doirtear aon fhuil neamhchiontach i measc do phobail Iosrael.’ Ar an tslí sin beidh brat cosanta orthu ón bhfíoch fola.
9 Ní foláir duit gach doirteadh fola neamhchiontaí a dhíbirt ó do lár más áil leat an ceart a dhéanamh i súile an Tiarna.
10 “Nuair a théann tú amach chun cogaidh in aghaidh do namhad, agus go ndéanann do Dhia iad a thabhairt ar láimh duit agus go ngabhann tú iad mar chimí,
11 agus go bhfeiceann tú bean sciamhach ar na cimí agus go mbíonn dúil agat inti, ní miste duit í a ghabháil chugat mar bhean