12 An fhallaing a chuireann tú umat, déan scothóga ar a ceithre cúinní.
13 “Má phósann duine bean agus luí léi, agus ansin gur beag air í,
14 agus go gcuireann sé mí-iompar ina leith agus í a náiriú go poiblí, á rá: ‘Phós mé an bhean seo agus nuair a luigh mé léi ní bhfuair mé comharthaí a maighdeanais.’
15 Ansin tugadh athair agus máthair na mná óige comharthaí a maighdeanais leo go seanóirí na cathrach ag an ngeata.
16 Abradh athair na mná óige leis na seanóirí: ‘Thug mé m'iníon don fhear seo le pósadh agus is beag air í.
17 Tá mí-iompar á chur ina leith aige anois á rá: “Ní bhfuair mé comharthaí a maighdeanais ar d'iníon.” Ach seo iad comharthaí maighdeanais m'iníne.’ Agus leathfaidh siad an t‑éadach os comhair sheanóirí na cathrach.
18 Ansin beireadh seanóirí na cathrach sin greim ar an bhfear úd, gabhaidís de lasca ann,