9 Ná cuir an dara sórt síl i do fhíonghort le nach ndéanfaí coisreacan ar a thoradh go léir - ar an mbarr eile a chuir tú agus ar thoradh do fhíonghoirt.
10 Ná cuir damh agus asal faoin aon chuing threafa.
11 Ná caith éadach leathach, éadach fite d'olann agus de líon.
12 An fhallaing a chuireann tú umat, déan scothóga ar a ceithre cúinní.
13 “Má phósann duine bean agus luí léi, agus ansin gur beag air í,
14 agus go gcuireann sé mí-iompar ina leith agus í a náiriú go poiblí, á rá: ‘Phós mé an bhean seo agus nuair a luigh mé léi ní bhfuair mé comharthaí a maighdeanais.’
15 Ansin tugadh athair agus máthair na mná óige comharthaí a maighdeanais leo go seanóirí na cathrach ag an ngeata.