1 “An té a coilleadh, nó ar baineadh a bhall fearga de, níl cead isteach aige i dTionól an Tiarna.
2 Ná téadh bastard i dTionól an Tiarna; ná téadh duine dá shliocht go dtí an deichiú glúin i dTionól an Tiarna.
3 Ná bíodh cead isteach i dTionól an Tiarna ag Amónach ná ag Móábach; fiú go dtí an deichiú glúin ná bíodh cead isteach go Tionól an Tiarna ag a sliocht go brách.
4 Óir níor tháinig siad in bhur gcoinne le harán agus le huisce agus sibh ar an tslí amach as an Éigipt, agus d'fhostaigh siad Balám mac Bheór ó Phatór in Arám an Dá Abhainn chun mallacht a chur ort.
5 Ach ní éisteodh an Tiarna do Dhia le Balám agus rinne an Tiarna do Dhia beannacht den mhallacht duit, mar go raibh grá ag an Tiarna do Dhia duit.