11 Nuair a thagann an tráthnóna níodh sé é féin le huisce, agus bíodh cead aige filleadh ar an gcampa ar dhul faoi don ghrian.
12 Bíodh camraí agat lasmuigh den champa, agus gabh amach chucu.
13 Bíodh sluasaid agat ar do chuid airm, agus nuair a théann tú amach ag déanamh do ghnó, déan poll leis an tsluasaid seo, agus cas timpeall agus clúdaigh do chac.
14 Óir siúlann an Tiarna do Dhia timpeall istigh i do champa do do chosaint agus ag tabhairt do naimhde ar láimh duit. Ní foláir do champa a bheith ina áit naofa dá bhrí sin; ná feiceadh an Tiarna aon rud míchuí in bhur measc dá bhrí sin le heagla go dtabharfadh sé droim láimhe leat.
15 “Ná tabhair suas dá mháistir daor a d'éalaigh uaidh agus a tháinig chugat.
16 Cónaíodh sé farat, in bhur measc, cibé áit is mian leis ina rogha cathair leat; ná cuir isteach air.
17 Ná bíodh striapach chultais mná ar iníonacha Iosrael, ná striapach chultais fir ar mhic Iosrael.