15 “Ná tabhair suas dá mháistir daor a d'éalaigh uaidh agus a tháinig chugat.
16 Cónaíodh sé farat, in bhur measc, cibé áit is mian leis ina rogha cathair leat; ná cuir isteach air.
17 Ná bíodh striapach chultais mná ar iníonacha Iosrael, ná striapach chultais fir ar mhic Iosrael.
18 Ná tabhair tuarastal striapaí ná pá madra go teach an Tiarna do Dhia mar fhuascailt ar aon sórt móide; is fuath leis an Tiarna do Dhia iad araon.
19 Ná tabhair iasacht ar ús do do dheartháir, cibé acu iasacht airgid é nó bia nó aon ní eile a thuillfeadh breis.
20 Ní miste duit ús a éileamh ar iasacht do choimhthíoch, ach ná héiligh ús ar iasacht do do dheartháir, i dtreo go gcuirfidh an Tiarna do Dhia a bheannacht ort i ngach a ndáileann do lámh sa tír atá tú le dul isteach ann agus a shealbhú.
21 Má thugann tú móid don Tiarna do Dhia ná bí mall á comhlíonadh, óir éileoidh an Tiarna do Dhia ort í go cinnte, agus ba pheaca í a dhiúltú.