18 Ná tabhair tuarastal striapaí ná pá madra go teach an Tiarna do Dhia mar fhuascailt ar aon sórt móide; is fuath leis an Tiarna do Dhia iad araon.
19 Ná tabhair iasacht ar ús do do dheartháir, cibé acu iasacht airgid é nó bia nó aon ní eile a thuillfeadh breis.
20 Ní miste duit ús a éileamh ar iasacht do choimhthíoch, ach ná héiligh ús ar iasacht do do dheartháir, i dtreo go gcuirfidh an Tiarna do Dhia a bheannacht ort i ngach a ndáileann do lámh sa tír atá tú le dul isteach ann agus a shealbhú.
21 Má thugann tú móid don Tiarna do Dhia ná bí mall á comhlíonadh, óir éileoidh an Tiarna do Dhia ort í go cinnte, agus ba pheaca í a dhiúltú.
22 Ach níor pheaca duit gan móid a thabhairt.
23 Cloígh le cibé rud a théann thar do bheola, agus ní foláir duit an mhóid a thug tú de do dheoin féin le briathar do bhéil féin don Tiarna do Dhia a chomhlíonadh.
24 Nuair a théann tú isteach i bhfíonghort do chomharsan, ní cás duit do sháith caor a chaitheamh, oiread díobh agus is mian leat, ach níl cead agat aon chaora a chur í do chliabh.